Last August we hosted TG4 documentary crew in the Gyreum- they were shooting the first episode of their 6 part series WWOOFÁIL. The openning episode is being screened on TG4 10pm Thursday 21st of March 2013.
Spanish interns being filmed cooking, planting, weeding, shelter building and stand up paddling in the free time!
We made friends with our two new WWOOFers: Mairéad Ní Chuaig and Conall Ó Máirtín who taught our Spanish interns some Irish.
See the programme on TG4 PLAYER
http://www.tg4.ie/en/player/tg4-player.html?id=2243578379001&title=Wwoof%C3%A1il
WWOOFÁIL – PREAS RÁITEAS/ PRESS RELEASE
Tá ríméad ar Stirling Film & Television Productions Ltd baint a bheith acu le coincheap nua saoil do TG4 atá dírithe orthusan ar fad ar mian leo dul ag taisteal agus scileanna nua a fhoghlaim le linn an chúlaithe eacnamaíochta seo.
Rachaidh WWOOFÁIL i dteannta beirt láithreoirí bóna bháin aitheanta de chuid TG4 – Mairéad Ní Chuaig agus Conall Ó Máirtín, a éalóidh as an stiúideo agus a thabharfaidh faoin saol.
Eagraíocht é WWOOF dar teideal ‘World Wide Opportunities on Organic Farms’. Sna seachtóidí a cuireadh tús leis agus an coincheap atá leis ná go rachadh lucht ‘WWOOFála’ chuig feirmeacha atá páirteach san eagraíocht agus go saothródh siad lóistín agus bia ar a gcuid oibre ar na feirmeacha. Tá suas le 11,000 feirmeacha óstaigh i mbreis is 50 tír anois páirteach san eagraíocht. Roghnaíonn rannpháirtithe a mbealaí taistil ag brath ar chúrsaí aeráide agus cúrsa na feirmeoireachta, mar shampla bíonn tóir ar thíortha in oirthear na Meánmhara le dul ag garraíodóireacht agus feirmeoireacht iontu ó Mhárta go Meitheamh; tráth maith é an samhradh go dtí tús an fhómhair le dul go dtí an RA agus go hÉirinn; bogadh go dtí an Spáinn/ an Phortaingéil/ an Iodáil i míonna an fhómhair agus an geimhreadh a chaitheamh ar Oileáin Bhailéaracha na Spáinne nó ar na hOileáin Chanáracha; ansin ar aghaidh go dtí an Tuirc sna míonna fuara.
Is mó aithne atá ar Mhairéad Ní Chuaig, nach raibh ag WWOOFáil riamh cheana, mar an cailín aimsire galánta ar TG4, a bhíonn réitithe go faiseanta i gcónaí. Is tráchtaire spóirt ar an gcainéal é a comrádaí WWOOFála Conall Ó Máirtín, fear a bhfuil an-fhonn eachtraí air. Le linn na sraithe, leanfaimid an turas a ghlacfaidh siad chuig 6 fheirm WWOOFála, áit a gcaithfidh siad 5 lá as a chéile. Feicfimid mar a éireoidh leo, maith agus olc, in Éirinn agus thar lear, iad ag casadh le cairde nua, ag foghlaim scileanna nua saoil agus feirmeoireachta agus cuirfimid eolas ar cad leis is cosúil é a bheith i do WWOOFálaí, cleachtas a mbaineann go leor daoine ar fud an domhain sult agus tairbhe as gach lá.
6 chlár leathuaire arna léiriú ag Stirling TV Productions atá i WWOOFÁIL ar cinnte a gcuirfidh an lucht féachana an-spéis iontu agus ina bhfeicfimid Mairéad agus Conall ag foghlaim le glasraí a chur agus faoi chúrsaí éiceolaíochta i Sligeach, Búdachas agus spioradáltacht sa Chabhán, tithe á dtógáil san Algarve agus marcaíocht tonn, cócaireacht agus bleán gabhar i Seville, marcaíocht capall agus ceol tíre sa tSualainn, péacóga agus ag piocadh ológ i Maracó!
Tá an-fhonn ar stiúrthóir/léiritheoir na Sraithe, Grainne McCotter, a léiriú sa tsraith go bhfuil duine ar bith, cuma cén aois iad (cé nach mór do dhuine a bheith os cionn 16 bliain d’aois) ábalta taisteal agus scileanna nua a fhoghlaim má tá cúlú eacnamaíochta féin ann ach a bheith barainneach:
“Bealach saoil é WWOOFÁIL nach bhfuil pingin ar bith le n-íoc air. Ní hamháin go bhfaigheann tú deis obair dheonach a dhéanamh ar fheirmeacha, áit a bhfoghlaimeoidh tú le tú féin a chothú agus faoi fheirmeoireacht orgánach, ach saothróidh tú 3 bhéile sa lá agus leaba le do scíth a ligean san oíche – is gan le déanamh ach 4- 6 uair an chloig oibre ar an bhfeirm! An buntáiste ar ndóigh ná go bhféadfaidh tú dul ar fud an domhain – ag baint sult as cultúr na háite, bia na háite agus an áit féin nuair a bhíonn tú saor”.
Fuair Stirling TV Productions maoiniú ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge agus ó TG4 don léiriú. Bí cinnte de go mbainfidh an lucht féachana sásamh agus tairbhe as an tsraith a thabharfaidh léargas ar leith ar thíortha agus ar chultúir éagsúla agus a léireoidh bealaí le bheith níos láiche leis an timpeallacht tráth a bhfuil an domhan mór faoi léigear ag tomhaltachas.
Déardaoin an 21ú Márta ag 10 pm a chuirfear tús le WWOOFÁIL ar TG4.
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Colleen Melarkey-Beattie:
Teil: +44 (0) 2890 333848 Ríomhphost: colleen@stirlingtelevision.co.uk



