Imeachtaí 2013
15 – 18 Márta, Cúlráid Fraoch Yoga, aosghrúpaí difriúla, aireachas agus síocháin le cuid bheag as Gaeilge, agus ag glacadh páirt i bParáid cáiliúil Lá Fhéile Pádraig
22 – 24 Márta, Tóg Do Theach Féin, ag tógáil teach agus ag foghlaim Gaeilge i gcomhrá beag. Cé go bhfuil an ceardlann seo faoi thionchar an t-ábhair go príomha, táimid ag iarraidh comhrá as Gaeilge a thabhairt isteach mar chuid den chúrsa trí chaint neamhfhoirmiúil le Hiúdaí Croker
8 – 12 Aibreán, Éici-cheardlann le Hiúdaí Croker, ag ullmhú gairdín saileach, foghlaimeoirí bunleibhéil, daoine áitiúla
13 – 17 Bealtaine, Ceardlann a dhírítear ar Ghiolcarnach – á thógáil, á choinneáil agus a chóiriú le Hiúdaí Croker.
24 – 26 Bealtaine, Ag Tógáil Buan-Pollydome Cruinn faoi choinne an gharraí le Hiúdaí Croker
27 – 31 Bealtaine, Cearpantóireacht le John McGeady
1 – 3 Meitheamh, Deireadh Seachtaine leis an ngrúpa Scríbhneoireacht, ag plé na modhanna scríbhneoireachta nua-aimseartha
10 – 14 Meitheamh, Ceardlann Chlár Faisnéise: Loch Dearg – An Scéal Eile (52 nom.) i gcomhar le baill as Studio North West agus le Media Antenna na Gaillimhe a bheidh a fhógairt, An Chéad Chuid – ag foghlaim faoi ghnéithe éagsúla an chláir chruthaithigh fhaisnéise do na céimithe le Gaeilge agus le suim i scannánaíocht.
14 – 17 Meitheamh, Cóir G8, ag canadh na n-amhrán as Gaeilge go príomha agus i dteangacha eile mar fhreagra phoiblí don gcruinniú G8 in Inis Ceithleann i Mí an Mheithimh i mbliana (80 duine)
5 – 7 Iúil, The Gathering agus Irish Draught Horse Society, ag teagasc an phobail trí cheardlann faoi seanchas na gcapall in Éirinn agus ag comhoibriú leis na gnólachtaí áitiúla
7 – 13 Iúil, Turais Siúil, Conair an Oilithrigh, taisteal ar feadh 250 ciliméadar tríd na láithreacha naofa is cáiliúla in Iarthuaisceart na hÉireann
22 – 26 Iúil, Ceardlann Ghrianphainéil, ag tógáil, ag cóinneáil agus ag cóiriú grianphainéal le Hiúdaí Croker. Tá sé dírithe go príomha ar na grúpaí a bhfuil grianphainéal de dhíth orthu agus a mbeidh in ann grianphainéal a thógáil le linn an chúrsa, .i. club CLG nó tuismitheoirí as Gaelscoileanna
2 – 5 Lúnasa, Lá Saoire i gcomhar le Daonfhéile i mBaile Idir dhá Abhainn, amhráin tíre as Sligeach, Laoitrim agus Ros Comáin, nó damhsa sean-nós le Edwina Guckian, Ger Butler agus Ronán Reagan chomh maith le Cos Cos – Rince Sean Nós, feadaíl le Rossa Ó Snodaigh.
I mbliana, ba mhaith linn Cabaret Craiceáilte a cheangal leis na himeachtaí seo a eagraímid go bliantúil.
12 – 16 Lúnasa, Éici-cheardlann le Hiúdaí Croker, ag tógáil cnáib
6 – 8 Meán Fómhair, cruinniú na lianna agus na bhfear/na mban leighis mar ullmhúchán don imeacht sa Ghearmáin ‘Europe-wide Healers-Shamanic Conference’ ina mbeidh Emer Ní Chlochartaigh ag glacadh páirt mar ionadaí na hÉireann (féach: http://schamanisches-netzwerk-europa.eu/Festival_2013.html)
9 – 13 Meán Fomhair, Mmara.ie, ceardlann déanaimh curach, do na grúpaí pobal/teaghlaigh
13 – 15 Meán Fómhair, semineár mar fhorbairt an ghrúpa Nua-Ealaín, cruinniú na n-ealaíontóirí agus na scóláirí le Nuala Ní Fhlathúin (féach: http://nuaealain.wordpress.com/)
16 – 20 Meán Fómhair, ceardlann a dhírítear ar thuirbín gaoithe – á thógáil, á choinneáil agus a chóiriú le Hiúdaí Croker. Tá sé dírithe go príomha ar na grúpaí a bhfuil tuirbín gaoithe de dhíth orthu agus a mbeidh in ann tuirbín gaothe a thógáil le linn an chúrsa, .i. club CLG nó tuismitheoirí as Gaelscoileanna.
23 – 27 Meán Fómhair, Ceoldráma as Gaeilge na hÉireann/na hAlban le cumadóir cáiliúil – Siobhán Cleary, ag plé ceangal idir pearsa Airt agus Mic Aodh MacGabhran.
30 Meán Fómhair – 4 Deireadh Fómhair, Ceardlann Chlár Faisnéise: Loch Dearg – An Scéal Eile (52 nom.) i gcomhar le baill as Studio North West agus le Media Antenna na Gaillimhe a bheidh a fhógairt, An Dara Cuid agus An Chríoch– eagarthóireacht, réamhlíne agus eagarthóireacht fhuaime.
Gach uile deireadh seachtaine i Deireadh Fómhair, grúpa as Ollscoil an Iarthuaiscirt, Boston, mar chuid de mhodúl a gcuid staidéir (‘Ag labhairt as Gaeilge: Irish Language Preservation Efforts’, féach: www.fie.org.uk) – gníomhaíochtaí le hEmer Ní Chlochartaigh, Seosamh Mac Muirí agus Hiúdaí Croker
I rith na seachtaine i Deireadh Fómhair agus i Samhna, Áit Cónaithe d’Ealaíontóirí
Mar chuid d’Áit Cónaithe d’Ealaíontóirí i Samhna, beimid ag iarraidh na healaíontóirí a mhealladh chun an Gyréum agus an comhoibriú a spreagadh idir na healaíontóirí agus na pairtithe sna ceardlanna i rith Mhí na Samhna.
8 – 10 Samhna, Bailitheoirí Focal, cruinniú do fhoclóirithe imeallacha agus príomhoushrutha, forbairt foclóireolaíochta a phlé
15 – 17 Samhna, Marsha Eger, cantaireacht na Gaeilge agus na Sean-Ghaeilge, imeacht dátheangach
22 – 24 Samhna, Peannairí, peannaireacht as Gaeilge le Bríd O’Donoghue, i mbun á phlé go fóill
25 – 28 Samhna, Áit Cónaithe d’Ealaíontóirí, Kíla
29 Samhna – 1 Nollag, Umha Aois, ag forbairt a gceirde: teilgean cré-umha, teicnící múnlaí cloiche agus múnlaí cré
2 – 20 Nollag, Áit Cónaithe d’Ealaíontóirí
20 – 22 Nollag, Feis an Ghrianstad, le Seosamh Mac Muirí agus Emer Ní Chlochartaigh, ag ceiliúradh ghrianstad deireanach an gheimhridh, imeacht bliantúil
—————————————————————————————
Bhí Alicja Mankowska (ár rúnaí nua agus ár mbean an tí) ag caint faoin nGyréum ar Raidió na Gaeltachta ar an gclár Rónán Beo.
éist leis an gcomhrá – cuid a haon, cuid a dó
