Gaeilge

Bhí an Briathar ann i dtús báire…


I mí Lúnasa 2010, tháinig cúigear Gaeilgeoirí áitiúla le cúlra i gcursaí ealaíon nó acadúla chuig an Gyréum agus mhol cónaitheacht a chruthú (i stíl an ionad Tyrone Guthrie) go sonrach d´ealaíontóirí Gaelach, ceardaí, aistritheoirí agus scólairí.

Ón am sin go dtí anois, d’fhoghlaim muid cuid mhaith faoin nGaeilge inár gceantar agus faoi na Gaeilgeoirí atá ina gcónaí anseo. Is ar son na ndaoine seo atáimid ag eagrú imeachtaí agus ceardlanna éagsúla atá ag tarraint as na ceithre réimse: Dinnseanachas, Dúlra, Oidhreacht agus Bunús na Teanga.

Tabhair do shúil ar ár n-imeachtaí agus labhair an Ghaeilge linn!

 

—————————————————————————————

Bhí Alicja Mańkowska (ár rúnaí agus ár mbean an tí) ag caint faoin nGyréum ar Raidió na Gaeltachta ar an gclár Rónán Beo.

éist leis an gcomhrá – cuid a haon, cuid a dó